Folúntas: Oibrí Óige // Vacancy: Youth Worker

Club Óige Setanta Folúntas: Oibrí Óige

 
Fógra: Oibrí Óige

Freagracht Do: Ceannaire Club Óige Setanta
Turastal: £10.90 san uair
TTéarma: Conradh bliana, 8 uair a chloig sa seachtain (le féidearthacht síneadh 3 bliana)

Critéir Riachtanacha d’Oibrí Óige:
 Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
 OCN leibheál 2 san Obair Óige, nó cáilíochtaí ábhartha cuí (is féidir le iarrathóir cuí OCN a déanamh mar chuid den obair reatha)
 Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann

Critéir inmhianaithe:
 OCN Leibheál 3 san Obair Óige
 Tuiscint chuimsitheach ar na sáinchéisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga as pobail faoi míbhuntaiste
 Scileanna maithe cumarsáide agus cumas bheith i ndán margaíocht agus poiblíocht chuí a dhéanamh ar obair i gcomhthéacs na meán shóisialta agus na meán thráidisiúnta araon
 Taithí ar chláracha óige a phleanáil agus a sheachadadh in suíomh an obair óige

Beidh an oibrí óige freagrach as imeachtaí a chur ar fáil i gClub Óige Setanta, an t-aon Chlub Óige Gaeilge i nDoire. Cuideoidh an t-oifigeach óige le pleanáil gníomhaíochtaí, ag obair go dlúth le daoine óga agus leis an Cheannaire. Beidh tú freagrach as cúram agus sábháilteacht daoine óga le linn na ngníomhaíochtaí seo.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo trí r-phost le litir a léiríonn taithí s'acu I dtaca leis na critéir de thuas luaite ar aon le CV. Scríobh chuig Sorcha Carlin, ag sorcha@culturlann.org

Spriocdháta: Dé Máirt 26ú Meán Fómhair
Deadline: Tuesday 26th September