What's On
'An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair'
Cathal Póirtéir i gComhrá le Ailbhe Ó Monacháin i gCultúrlann Uí Chanainn
Beidh fáilte mhór romhat i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, Dé Luain 27 Samhain nuair a chuirfidh an t-iriseoir Ailbhe Ó Monacháin agallamh ar an scríbhneoir Cathal Póirtéir faoina leabhar úrnua ‘An Tiarna George Hill agus Pobal Ghaoth Dobhair’ (Cló Iar-Chonnacht).
Bhí Hill ina thiarna talaimh i nGaoth Dobhair (1838-79), tréimhse an Drochshaoil agus na blianta achranach ina dhiaidh. Bhí ainm Hill i mbéal an phobail le linn a shaoil, molta go hard mar thiarna talaimh ag a lucht tacaíochta agus cáinte go láidir ag a fhreasúra.
Déanann an t-údar iarracht theacht ar fhírinne an scéil sa leabhar seo.